Fostóirí a ghríosú / #EUDiversityMonth
Le Mí Eorpach na hÉagsúlachta, tarraingítear aird ar thábhacht na héagsúlachta agus an chuimsithe san ionad oibre agus ar fud ár sochaithe. Baineann sé le hionadaíocht agus infheictheacht grúpaí éagsúla, ina bhfuil meas ar dhearcthaí éagsúla agus ina n-áirítear iad sa timpeallacht oibre.
Le Mí Eorpach na hÉagsúlachta, déantar ceiliúradh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag eagraíochtaí chun cabhrú i dtaobh timpeallachtaí cothroma cuimsitheacha a fhorbairt ar mhaithe le cách. Tá an tionscnamh seo ina chuid de thiomantas an Choimisiúin Eorpaigh an leithcheal a chomhrac agus ionaid oibre éagsúla cuimsitheacha a chur chun cinn.
Le Mí Eorpach na hÉagsúlachta 2027, díreofar ar chleachtais chuimsitheacha earcaíochta.
Cad is féidir leat a dhéanamh?
Glac páirt i Mí Eorpach na hÉagsúlachta agus spreag daoine eile trí do thionscnaimh phleanáilte, idir thionscnaimh inmheánacha agus thionscnaimh sheachtracha, a chur le léarscáil imeachtaí éagsúlachta an Aontais thíos!
Eolas faoi Mhí Eorpach na hÉagsúlachta
Bíonn Mí Eorpach na hÉagsúlachta ar siúl i mí na Bealtaine ar fud an Aontais. Iarraimid ar chuideachtaí agus ar eagraíochtaí ar fud na hEorpa teacht ar bord linne, an Coimisiún Eorpach, chun aird a tharraingt ar thábhacht na héagsúlachta agus an chuimsithe san ionad oibre agus sa tsochaí trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú i rith na míosa ar fad.
Ar ndóigh, más mian le d’eagraíocht ceiliúradh a dhéanamh ar chumhacht na n-ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach i rith na bliana, tacaímid go hiomlán leis sin! Ba mhian linn do ghníomhaíochtaí a fheiceáil ar léarscáil imeachtaí éagsúlachta an Aontais!

Glac páirt
Seo deis do d’eagraíocht seasamh a ghlacadh agus an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn. Gníomhaíochtaí nó imeachtaí a eagrú le linn mhí na Bealtaine: beartais éagsúlachta agus cuimsithe do chuideachta a chur chun cinn don fhoireann ag ceardlanna nó ar na meáin shóisialta le #EUDiversityMonth, mar shampla. D’fhéadfá an mhí seo a úsáid mar thúsphointe chun tionscnaimh nua a fhorbairt le do chuideachta a chur chun cinn.
Ar thóir inspioráide? Téigh chuig do chairteacha náisiúnta um an éagsúlacht, chuig ár dTreoir i leith smaointe nó chuig an mbosca uirlisí meán sóisialta.

