Cumhacht na héagsúlachta agus an ionchuimsithe
Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad an comhionannas agus an éagsúlacht. Chun an t-idirdhealú a chomhrac agus sochaithe níos cothroime a éileamh, tá cur chuige réamhghníomhach glactha ag an gCoimisiún, le pleananna gníomhaíochta agus bearta spriocdhírithe.
Mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha chun a thiomantas a chomhlíonadh maidir le sochaithe níos cuimsithí agus níos cothroime a chothú san Eoraip, an Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa á eagrú ag gCoimisiún don cheathrú huair. Comhlánaíonn an tionscnamh Mí Eorpach na hÉagsúlachta gach bliain, lena músclaítear feasacht faoi thábhacht na héagsúlachta agus an ionchuimsithe san ionad oibre agus ar fud ár sochaithe.

Leis an nGradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa, féachtar le haitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais atá glactha ag baile, cathair nó réigiún, tugtar na dea-chleachtais sin chun suntais agus leagtar béim orthu. D’fhéadfadh na dea-chleachtais sin a bheith ina spreagadh do chathracha eile san Eoraip chun timpeallachtaí níos éagsúla, níos cuimsithí agus saor ó idirdhealú a chruthú dá saoránaigh. Féachann sé le haitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais a chuireann an éagsúlacht chun cinn.

Bíonn Mí Eorpach na hÉagsúlachta ar siúl i mí na Bealtaine ar fud an Aontais. Iarraimid ar chuideachtaí agus ar eagraíochtaí ar fud na hEorpa teacht ar bord linne, an Coimisiún Eorpach, chun aird a tharraingt ar thábhacht na héagsúlachta agus an ionchuimsithe san ionad oibre agus sa tsochaí trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú i rith mhí na Bealtaine.

Cabhraíonn na Cairteacha Eorpacha um an Éagsúlacht le heagraíochtaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach ar fud an Aontais beartais éagsúlachta agus ionchuimsithe éifeachtacha a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Tugann eagraíochtaí gealltanas poiblí an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú a chur chun cinn san ionad oibre ach an Chairt a shíniú. Is ar an leibhéal náisiúnta a bhainistítear na Cairteacha, agus tá Cairt amháin ann in aghaidh gach tíre.

Bí linn nuair a bheidh buaiteoirí an cheathrú Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa á bhfógairt againn agus Mí Eorpach na hÉagsúlachta 2025 á seoladh againn. Faigh amach cé na háiteanna is ceannródaíche ó thaobh an ionchuimsithe de san Eoraip agus conas is féidir le d’eagraíocht leas a bhaint as an éagsúlacht agus as an ionchuimsiú chun glacadh leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine san ionad oibre.