Eolas faoi Ghradam 2026
Glao ar na cathracha, na bailte agus na réigiúin ionchuimsitheacha uile ar fud na hEorpa
Leis an nGradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa, tugtar aitheantas don obair atá déanta ag baile, cathair nó réigiún, tugtar an obair sin chun suntais agus leagtar béim uirthi. D’fhéadfadh an obair sin a bheith ina spreagadh do chathracha eile san Eoraip chun timpeallachtaí níos éagsúla, níos cuimsithí agus saor ó idirdhealú a chruthú dá saoránaigh. Tugann sé aitheantas do dhea-chleachtais a chuireann an éagsúlacht chun cinn (i dtaca le hinscne, aois, míchumas, féiniúlacht LADTIA, reiligiún nó creideamh agus bunadh ciníoch nó eitneach) mar fhoinse saibhris agus nuálaíochta, a chuireann le beartais agus córais chuimsitheacha, agus a chothaíonn braistint an chomhuintearais do na saoránaigh uile.
Tá an gradam ar cheann de spriocanna insoláthartha phlean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais agus na Straitéise um Chomhionannas LADTIA 2020-2025 agus léiríonn sé an chaoi a bhfuil gníomhaíocht ar gach leibhéal riachtanach más mian linn an taoide a chasadh agus Aontas an Chomhionannais a thógáil.
Seolfar Gradaim 2026 do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa an fómhar seo!
Glac páirt inár seimineár gréasáin
Ar mhaith leat tuilleadh eolais faoin nGradam? An spéis leat cur isteach ar chomórtas? Ar mhaith leat a fháil amach conas iarratas maith a scríobh? Glac páirt inár seimineáir ghréasáin an 20 Samhain agus an 9 Nollaig 2025.
Clárú do na seimineáir ghréasáin:
Buail linn i mí Dheireadh Fómhair le linn #EURegionsWeek
Liostáil chun an nuachtlitir #DiversityCapitals a fháil
Catagóirí na ngradam:
Tá dhá phríomhchatagóir ann, is iad sin:
- Údaráis áitiúla le níos lú ná 50,000 cónaitheoir
- Údaráis áitiúla le níos mó ná 50,000 cónaitheoir
In 2026 tabharfar Gradam ar leith d’údaráis áitiúla as a gcuid oibre chun ‘margadh saothair cuimsitheach a thógáil do chách’.
Beidh trí bhuaiteoir ann in aghaidh na catagóire (an chéad áit, an dara háit agus an tríú háit). Ní chuirtear méid an údaráis áitiúil san áireamh don Ghradam ar leith.
Is féidir leat d’iarratas a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Tuilleadh eolais faoi conas a d’fhéadfadh do bhaile, do chathair nó do réigiún iarratas a dhéanamh ar an nGradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa

Faigh amach faoi na buaiteoirí a bhí ann roimhe seo agus na buaiteoirí is déanaí

Faigh an t-eolas go léir atá uait faoi na Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa
Amlíne
(amlíne tháscach, beidh tuilleadh sonraí ar fáil tar éis sheoladh an Ghradaim)
- Oscailt thréimhse na gairme ar iarratais
Deireadh Fómhair – Samhain 2025
- Seimineáir ghréasáin
An 20 Samhain agus an 9 Nollaig 2025
- Dúnadh thréimhse na gairme ar iarratais
An 30 Eanáir 2026 ag 12:00, Am Lár na hEorpa
- Meastóireacht ag Saineolaithe
Feabhra 2026
- Meastóireacht ag Giúiréithe Eorpacha
Márta 2026
- Eolas chuig Iarratasóirí
Márta / Aibreán 2026
- Searmanas bronnta sa Bhruiséil
An 21 Aibreán 2026
Tabhair spreagadh don Aontas Eorpach agus cuir le hAontas an Chomhionannais
Tá níos mó i gceist leis an nGradam ná aitheantas. Tabharfaidh ár mbuaiteoirí spreagadh do bhailte, cathracha agus réigiúin eile trí dhea-chleachtais agus beartais bhuaiteacha a chomhroinnt. Ar an gcaoi sin, is gaire a bheimid ar fad i dtreo Aontas an Chomhionannais agus sochaí atá níos cothroime.
An bhfuil ceisteanna agat faoin nGradam?
Má bhíonn ceisteanna agat:
- Féach leat na rialacha agus na treoirlínte
- Déan teagmháil linn ag eudiversity_award
vo-europe [dot] eu (JUST-CITY-AWARDS[at]ec[dot]europa[dot]eu)
Scaip an scéal
Tá do thacaíocht ag teastáil uainn. Scaip an scéal ar na meáin shóisialta le #DiversityCapitals agus liostáil dár nuachtlitir.
Go raibh maith agat
Ullmhaíodh coincheap an Ghradaim i gcomhairle le comhghleacaithe ó Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla den Choimisiún Eorpach, iad siúd san Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, san Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Réigiúnach agus Uirbeach, san Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, san Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol agus san Ard-Rúnaíocht ina measc. D’oibríomar le Coiste na Réigiún freisin.
Nuachtlitir
Liostáil le #DiversityCapitals, nuachtlitir an Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa
Is é #DiversityCapitals nuachtlitir oifigiúil an Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa. Liostáil thíos chun an nuacht agus na fógraí is déanaí a fháil agus an searmanas bronnta ag druidim linn. Mar aon le léargas ar na buaicphointí is déanaí, gheobhaidh tú acmhainní atá réidh le húsáid (postálacha meán sóisialta, íomhánna srl.) agus dátaí tábhachtacha don dialann. Beifear in ann cuid na hacmhainní a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo.