Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Promoting diversity in the EU
European Capitals of Inclusion and Diversity Awards
An Gradam

An Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa

Eolas faoi Ghradam 2025

Gairm ar chathracha éagsúlachta agus ionchuimsithe uile ar fud na hEorpa 

Leis an nGradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa, tugtar aitheantas don obair atá déanta ag baile, cathair nó réigiún, tugtar an obair sin chun suntais agus leagtar béim uirthi. D’fhéadfadh an obair sin a bheith ina spreagadh do chathracha eile san Eoraip chun timpeallachtaí níos éagsúla, níos cuimsithí agus saor ó idirdhealú a chruthú dá saoránaigh. Féachann sé le haitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais a chuireann an éagsúlacht chun cinn (i dtaca le hinscne, aois, míchumas, féiniúlacht LADTIA, reiligiún nó creideamh agus bunadh ciníoch nó eitneach) mar fhoinse saibhris agus nuálaíochta, a chuireann le beartais agus córais chuimsitheacha, agus a chothaíonn braistint an chomhuintearais do na saoránaigh uile. 

Tá an gradam ar cheann de spriocanna insoláthartha phlean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais agus na Straitéise um Chomhionannas LADTIA 2020-2025 agus léiríonn sé an chaoi a bhfuil gníomhaíocht ar gach leibhéal riachtanach más mian linn an taoide a chasadh agus Aontas an Chomhionannais a thógáil.

Déan iarratas anois.

 

An bhfuil spéis agat iarratas a dhéanamh, ach ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin nGradam agus do chuid cheisteanna a chur? Bí linn le haghaidh ceann de na seimineáir ghréasáin:

an 11 Nollaig an 16 Eanáir

An cur i láthair a íoslódáil

Catagóirí na ngradam:

 

Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 12:00 Am Lár na hEorpa, an 7 Feabhra 2025.  

Faigh amach cé na buaiteoirí ag an searmanas bronnta, an 29 Aibreán 2025. 

Tuilleadh eolais faoi na rialacha agus faoin bpróiseas iarratais 

 

Tabhair spreagadh don Aontas Eorpach agus cuir le hAontas an Chomhionannais

Tá níos mó i gceist leis an nGradam ná aitheantas. Tabharfaidh ár mbuaiteoirí spreagadh do bhailte, cathracha agus réigiúin eile trí dhea-chleachtais agus beartais bhuaiteacha a chomhroinnt. Ar an gcaoi sin, is gaire a bheimid ar fad i dtreo Aontas an Chomhionannais agus sochaí atá níos cothroime. 

 
An bhfuil ceisteanna agat faoin nGradam? 

Má bhíonn ceisteanna agat: 

  • Féach leat na rialacha agus na treoirlínte 
  • Téigh i dteagmháil le Rúnaíocht an Ghradaim ag eudiversity_awardatvo-europe [dot] eu (eudiversity_award[at]vo-europe[dot]eu ) 

 

Scaip an scéal 

Tá do thacaíocht ag teastáil uainn. Scaip an scéal ar na meáin shóisialta le #DiversityCapitals agus liostáil dár nuachtlitir. 

 

Go raibh maith agat 

Ullmhaíodh coincheap an Ghradaim i gcomhairle le comhghleacaithe ó Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla den Choimisiún Eorpach, iad siúd san Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, san Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Réigiúnach agus Uirbeach, san Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, san Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol agus san Ard-Rúnaíocht ina measc. D’oibríomar le Coiste na Réigiún freisin. 

 

 

Seo a leanas na heagraíochtaí lasmuigh de na hinstitiúidí Eorpacha a thug tacaíocht dúinn freisin:

An próiseas iarratais

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh? 

Tá an comórtas oscailte d’údaráis áitiúla, cuir i gcás cathracha, bailte nó réigiúin san Aontas Eorpach. Ní mór d’ionadaí oifigiúil na hiarratais a dhéanamh. 

Iarrfar ar iarratasóirí cur síos a dhéanamh ar phríomhthionscnaimh lena gcuirtear an éagsúlacht agus an t-iomchuimsiú chun cinn. 

Tionscnaimh lena dtugtar aghaidh go cuimsitheach ar fhorais éagsúla idirdhealaithe (inscne, aois, míchumas, féiniúlacht LADTIA, reiligiún nó creideamh agus bunadh ciníoch nó eitneach) agus lena léirítear cur chuige trasnach, beidh siad ina mbuntáiste. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Rialacha an Chomórtais

 

Amlíne
  1. Oscailt thréimhse na gairme ar iarratais

    26 Samhain 2024 - Oscailt an phróisis iarratais

  2. Dúnadh thréimhse na gairme ar iarratais

    7 Feabhra 2025 - Dúnadh an phróisis iarratais 

  3. Meastóireacht ag Saineolaithe

    Feabhra 2025 - Meastóireacht ag saineolaithe neamhspleácha

  4. Meastóireacht ag Giúiréithe Eorpacha

    Márta 2025 - Meastóireacht ag na Giúiréithe Eorpacha (Comórtas ginearálta agus ‘tithíocht chuimsitheach’ - Gradam ar leith)

  5. Eolas chuig Iarratasóirí

     Márta/Aibreán 2025 - Eolas chuig iarratasóirí

  6. Searmanas Bronnta

    29 Aibreán 2025 - Searmanas an Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa

Cén chaoi a ndéantar iarratas? 
  • Ní mór d’iarratasóirí próifíl a chruthú agus iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais ar líne
  • Iarrtar ort gach cuid den fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach anseo agus í a chur isteach faoi 12:00, Am Lár na hEorpa, an 7 Feabhra 2025
  • Is féidir iarratais a dhéanamh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Bainfear úsáid as aistriúchán uathoibrithe chun iad a aistriú go Béarla. Más féidir, moltar d’iarratasóirí a dtogra tionscadail a chur isteach i mBéarla chun láimhseáil na dtograí a éascú. 
  • Is féidir le hiarratasóirí freisin cur i láthair PowerPoint le 10 sleamhnán a uaslódáil, nó nasc a chur ar fáil chuige, chun léiriú a thabhairt ar a gcuid iarratais. 
  • Ní mór d’iarratasóirí Dearbhú ar Onóir (Iarscríbhinn III) a chur i gceangal, é sínithe ag an méara nó ag an ionadaí is airde céime, agus atá údaraithe leis an dlí náisiúnta chun ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanamh ar an mbaile/cathair/réigiún. 

 

Féach an Nóta Treorach le haghaidh eolas faoin bpróiseas iarratais. 

 

Buaiteoirí 2024

Buaiteoir Ghradam 2024 

Eolas faoi bhuaiteoirí na bliana seo caite

Na seacht mbaile, gcathair agus réigiún bhuaiteacha, sheas siad amach i measc iarratasóirí láidre a cuireadh ar an ngearrliosta i ngeall ar an méid a chuir siad le hEoraip atá níos cothroime agus níos ionchuimsithí. Léirigh siad idir chruthaitheacht agus tiomantas maidir le raon tionscnamh a chur i bhfeidhm chun torthaí an ionchuimsithe chomhionainn a chur chun cinn do dhaoine ar fud éagsúlacht aoise, bunaidh chiníoch, inscne, míchumais, agus LADTIA, agus straitéisí éifeachtacha, struchtúir institiúideacha agus córais eagraíochtúla mar bhonn taca leis na tionscnaimh sin. 

Tháinig na buaiteoirí ó chúig Bhallstát den Aontas, agus ina measc bhí Ságrab, Växjö kommun, La Laguna, Corbetta, Miranda de Ebro, Casares agus Liúibleána. 

Faigh tuilleadh eolais faoin aistear a bhí acu agus faoina scéal aonair thíos. 

Ar spreagadh thú? Déan iarratas anois.

Ní ghlacfar le hiarratais ar eagrán 2025 tar éis 12:00 Am Lár na hEorpa, an 7 Feabhra 2025. 

 

Nuachtlitir

Liostáil le #DiversityCapitals, nuachtlitir an Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa 

Is é #DiversityCapitals nuachtlitir oifigiúil an Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa. Liostáil thíos chun an nuacht agus na fógraí is déanaí a fháil agus an searmanas bronnta ag druidim linn. Mar aon le léargas ar na buaicphointí is déanaí, gheobhaidh tú acmhainní atá réidh le húsáid (postálacha meán sóisialta, íomhánna srl.) agus dátaí tábhachtacha don dialann. Beifear in ann cuid na hacmhainní a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo. 

Liostáil anois