Iarratas ar líne
Is é an 30 Eanáir 2026 ar 12:00 Am Lár na hEorpa an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat réamhamharc a thabhairt ar an bhfoirm iarratais i leagan PDF, ach tabhair do d’aire, áfach, nach nglacfar ach le hiarratais a chuirtear isteach trí uirlis ar líne.
An próiseas iarratais
Le Gradam Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa (ar a dtugtar ‘an Gradam’ thíos freisin), tabharfar aitheantas do thrí chathair in dhá chatagóir ar leith:
- údaráis áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50,000 ina limistéar;
- údaráis áitiúla a bhfuil daonra os cionn 50,000 ina limistéar.
Beidh an chéad áit (buaiteoir aonair theideal Phríomhchathair Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa do bhliain ar leith), an dara háit agus an tríú háit i gceist leis an dá chatagóir.
In 2026 tabharfar Gradam Sonrach freisin d’údaráis áitiúla a bhainfidh amach ‘margaí saothair uilechuimsitheach do chách’. Beidh trí bhuaiteoir sa chatagóir seo (an chéad áit, an dara háit agus an tríú háit). Ní chuirtear méid dhaonra limistéar an údaráis áitiúil san áireamh don ghradam sonrach nach bhfuil ach aon chatagóir amháin i gceist leis.
Beidh na hiarratais ar an nGradam faoi réir seiceáil incháilitheachta agus réamh-mheasúnú a dhéanfaidh saineolaithe neamhspleácha. Déanfaidh Giúiré Eorpach an cinneadh críochnaitheach agus bunóidh sé rangú críochnaitheach sa dá chatagóir ghinearálta (daonra níos lú ná 50,000 agus os a chionn sin), agus déanfaidh Giúiré Eorpach don Ghradam Sonrach amhlaidh, a bhunóidh rangú críochnaitheach i gcatagóir an Ghradaim Shonraigh.
Féadfaidh údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas ginearálta agus ar an nGradam Sonrach araon.
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?
Tá an comórtas oscailte do gach údarás áitiúil, mar shampla cathracha, bailte nó réigiúin san Aontas Eorpach. Ní mór d’ionadaí oifigiúil na hiarratais a dhéanamh.
Iarrfar ar iarratasóirí cur síos a dhéanamh ar na príomhthionscnaimh lena gcuirtear an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú chun cinn.
Tionscnaimh lena dtugtar aghaidh go cuimsitheach ar fhorais éagsúla idirdhealaithe (inscne, aois, míchumas, féiniúlacht LADTIA, reiligiún nó creideamh agus bunadh ciníoch nó eitneach) agus lena léirítear cur chuige trasnach, beidh siad ina mbuntáiste.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Rialacha an Chomórtais
An bhfuil ceisteanna agat faoin nGradam?
Má bhíonn ceisteanna agat:
- Féach leat na rialacha agus na treoirlínte
- Is féidir réamhamharc a thabhairt ar an bhfoirm iarratais i bhformáid PDF (ní ghlacfar ach le hiarratais a chuirtear isteach trí uirlis ar líne)
- Déan teagmháil linn trí eudiversity_award
vo-europe [dot] eu (JUST-CITY-AWARDS[at]ec[dot]europa[dot]eu)
Glac páirt inár seimineár gréasáin
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin nGradam? An mian leat iarratas a dhéanamh? Ar mhaith leat foghlaim conas iarratas maith a scríobh? Glac páirt inár seimineáir ghréasáin an 20 Samhain agus an 9 Nollaig 2025.
Clárú do na seimineáir ghréasáin:
